Members' Statements – in the Northern Ireland Assembly am 12:15 pm ar 17 Mehefin 2024.
An tseachtain seo beimid ag ceiliúradh Sheachtain na nDídeanaithe anseo in Éirinn agus ar fud an domhain. Is é téama na seachtaine i mbliana: an baile s’againn. Le linn na seachtaine, beidh imeachtaí múscailte feasachta, imeachtaí cultúir agus imeachtaí ealaíon ar siúl ó cheann ceann an oileáin.
Níor mhiste dúinn uilig go léir páirt a ghlacadh sa tseachtain speisialta seo, nó tugtar faill dúinn lena linn caidreamh agus caradas a dhéanamh leis na pobail nua atá ag cur fúthu anseo agus bheith ag foghlaim faoin difear dearfach a dhéanann siad don saol anseo.
Chonaic muid uilig go léir an dul chun cinn a rinne páirtithe ar an eite dheas sna todhcháin Eorpacha an tseachtain seo caite. Ní hé amháin sa Fhrainc agus sa Ghearmáin ach anseo in Éirinn fosta. Ní raibh riamh an oiread sin iarrthóirí ón eite dheas ar an pháipéar vótála anseo ná mar a bhí i dtoghcháin na seachtaine seo caite.
Fuath don dídeanaí agus bréagadóireacht faoi dhaoine a thig anseo ar lorg tearmainn, sin é an rosc catha a bhí ag na hiarrthóirí sin. Sin a bhfuil acu le tairiscint: fuath, fearg agus fala. Caithfimid seasamh le chéile in éadan an dearcaidh sin agus seasamh ar ghualainn na ndídeanaithe agus na n-iarrthóirí tearmainn a thig anseo ar lorg síochána agus sábháilteachta. Tugann Seachtain na nDídeanaithe faill dúinn sin a dhéanamh agus céad míle fáilte a chur rompu.