Lá Domhanda na nAigéan

Members' Statements – in the Northern Ireland Assembly am 10:45 am ar 11 Mehefin 2024.

Danfonwch hysbysiad imi am ddadleuon fel hyn

Photo of Pat Sheehan Pat Sheehan Sinn Féin 10:45, 11 Mehefin 2024

Rinneadh Lá Domhanda na nAigéan a cheiliúradh Dé Sathairn. Bíonn an lá sin ann gach bliain lena chur i gcuimhne do gach duine an tábhacht a bhaineann leis na haigéin. Is iad na haigéin scamháin an domhain. Tig breis agus 50% den ocsaigin atá againn ó na haigéin. Is iontu fosta atá bunús na bithéagsúlachta ar domhan.

Ach tá na haigéin ag dul i ndrochdhóigh: tá 90% de stoic na n-iasc mór ídithe; tá 50% de sceir coiréil scriosta; agus, achan lá, baintear níos mó as an fharraige ná a thig léi a sholáthar. Níl sin inbhuanaithe. Ach, mar a dúirt eagraithe Lá Domhanda na nAigéan, tá an saol mór bodhar ag éisteacht le figiúirí. Ní leor figiúirí le daoine a ghríosú, agus, mar sin de, ní raibh sna hiarrachtaí a rinneadh go dtí seo leis na haigéin a chosaint ach cneasú thar goimh.

Má tá athrú le teacht ar an scéal, ní mór dúinn múscailt, agus sin an téama a bhí ag Lá Domhanda na nAigéan i mbliana: múscailte go grinneall. Tá na Náisiúin Aontaithe ag iarraidh gluaiseacht saoránach a mhúscailt ar son na n-aigéan. Tá siad ag iarraidh sin a dhéanamh trí lucht déanta beartas, ceannairí dúchais, eolaithe, an earnáil phríobháideach, agus gníomhairí óige a thabhairt le chéile. Caithfimid uilig go léir ár mana faoi na haigéin a athrú. Caithfimid teacht ar dhóigheanna leis na haigéin a chosaint agus bainisteoireacht inbhuanaithe a dhéanamh orthu.

Ar an oileán seo againne, tá an tAigéan Atlantach ar an chósta thiar, an Mhuir Cheilteach ar an chósta theas, Muir Éireann ar an chósta thoir, agus Sruth na Maoile ar an chósta thuaidh. Mar sin de, a Cheann Comhairle, tá súil agam go mbeidh muidne anseo in Éirinn in ann ár bpáirt a dhéanamh sa ghluaiseacht ar son na n-aigéan.